Faoi Draíocht Drop
Is gnó beag muid atá lonnaithe i bPort Láirge, Éire. Tá réimse d'éadaí agus d'earraí ar fáíl uainn le dearraí atá á dtreorú ag an ealaíon agus le tionchar ag téamaí ceilteacha orthu. Le fréamhaí i gcruthaitheacht agus i gceardaíocht áitiúl, bímid ag ceiliúradh indibhidiúlachta agus féinléirithe trí píosaí úra de ard-chaighdeán a sheasann amach - gach ceann acu deartha, déanta agus samhlaithe in Éirinn. An cuspóir ata againn ná cor comhaimseartha a chur sna traidisiúin ársa agus an Ghaeilge a chur chun cinn sa lá atá inniú ann.
Ár aidhm ná cruthaíocht nua-aimseartha a mheascadh le tionchair ársa, ag soláthar braon draíochta lán de mhealltacht, rógaireacht agus ealaín d'aon duine atá réidh chun glachadh lena stíl difriúl féin. Má tá tu sa tóir ar dearaí glinne, anam cheilteach nó díreach rud éiginn atá álainn agus aisteach - tá tú san áit ceart!


Faoi úinéireacht Éireannach
Tá Draíocht Drop fíor-bhrodúil as a bheith faoi úinéíreacht Éireannach agus muid lonnaithe sa Bhaile Seirbhíse Gaeltachta Dhún Garbhán, Co.Phort Láirge. Táímid sáite in oidhreacht agus cultúir shaibhir na hÉireann agus tá sé mar aidhm againn ár bhféiniúlacht Éireannach a chur chun cinn agus a cheiliúradh tríd ár dtáirgí.

Dearaí Ealaíona le Tionchar Ceilteach
San áireamh inár mbailiúchán ná dearaí úrnua ealaíonta le tionchar orthu ag siombail agus móitífeanna ceilteacha. Is léiriú comhaimseartha ar téamáí ársa gach píosa ata againn, rud a cruthaíonn stíl ar leith ata chomh tarraingteach.

An Gaeilge sa Mhargadh Nua-Aimseartha
Anseo ag Draíocht Drop, déanaimid gach iarracht an Ghaeilge agus cultúr gaelach a dhéanamh níos inrochtana sa lá atá inniú ann. Chun feasacht agus buíochas a árdú dár dteanga dhúcháis, meascaimid gnéithe Gaelacha lenár ndearaí.
Déan teagmháil linn inniú!
Bí i dteagmháíl linn le haghaidh aon cheist nó chun ordú a chur isteach. Táímid anseo chun cabhrú leat!